Maidir Linne

Is comhlacht comhpháirtíochta sóisialta é an Fóram Náisiúnta Eacnamaíocha agus Sóisialta (FNES) arna cheapadh ag an Rialtas a sholáthraíonn comhairle ar bheartais eacnamaíocha agus shóisialta, go háirithe iad siúd a dhéanann iarracht comhionannas agus cuimsiú sóisialta sa todhchaí a mhéadú. Tá an FNES ar cheann de na comhlachtaí comhpháirtíochta is ionadaíche.

Sa sainordú athnuaite a thug an Rialtas dó le déanaí, d’iarradh ar an FNES díriú ar bhealaí a scrudú chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú beartas ar an talamh. Trína bhallraíocht agus thaithí éagsúil maidir le próisis bheartais thar teorainneacha institiúideacha agus roinne, tá ar chumas an FNES nuálaíochtaí agus athchóírithe san earnáil poiblí a aithint ionas gur féidir leis na seirbhísí poiblí freastal ar riachtanais an duine aonair ar bhealach níos fearr sa todhchaí.

Leanann an FNES ag baint úsáide as na creatlaí agus na modhanna saolré faoi mar atá leagtha amach sa:

I dTreo 2016

An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta

The Tuarascáil ón FNES ar Sholáthar Seirbhísí Poiblí Ard-Chaighdeáin

An Stát Leasa Shóisialaigh Forbraíochta agus Leanaí FNES

Feidhmíonn an FNES i dtréimhsí trí bliana agus foilsíonn sé tuarascálacha go tráthrialta a thugann cuntas mionchruinn ar thioncar a chuid oibre ar dhearcadh agus chur i gníomh bheartais an rialtais. Cuirtear na tuarascálacha seo go léir faoi bhráid an rialtais chun breithniú a dhéanamh orthu sula bhfoilsítear iad.

Bain úsáid as leathanaigh an roghchláir atá ar an bpainéal ar chlé chun breis eolais a fháil.

Eagraíochtaí Comhlachaithe