Saoráil Faisnéise
An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997- Alt 15 agus Leabhar Tagartha 16
Déanann an tAcht um Shaoráil Faisnéise (ASF) foráil do thrí cheart reachtúla nua:
- ceart ag gach duine chun faisnéise maidir le gníomhartha comhlachtaí poiblí a rochtain;
- ceart ag gach duine iarratas a dhéanamh go leasófaí taifid a bhaineann le faisnéis phearasanta oifigiúil atá neamhiomlán, míchruinn nó mítheorach;
- ceart cúiseanna leis na cinntí a dhéanann difear don duine a fháil;
Dearbhaíonn an tAcht gur féidir le duine den phobail rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil, a mhéid is féidir agus i gcomhéir le leas an phobail agus ceart an duine aonair chun príobháideachta. Ullmhaítear an lámhleabhar seo de réir na riachtanas maidir le faisnéis a fhoilsiú atá leagtha síos in Alt 15 den Acht. Is é cuspóir an lámhleabhair seo ná rochtain ar an bhfaisnéis ofigiúil atá ag an bhFóram a éascú trí struchtúir agus fheidhmeanna an Fhóraim a leagan amach; eolas faoi na haicmí taifead atá inár seilbh agus conas iarratas a dhéanamh chuig an bhFóram faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997.
