Ráiteas Príobháideachta

Urramaíonn An bhFóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta agus a chuideachtaí comhlachaithe do cheart chun príobháideachta. Bíodh a fhios ag cuairteoirí go gcoimeádtar eolas ar dhá leibhéal faoin úsáid a bhaineann siad as an láithreán gréasáin. Ar leibhéal a haon bailítear faisnéis staitistiúil agus faisnéis anailíseach eile i dtaobh na mbrabhsálaithe go léir a úsáideann an láithreán, is faisnéis chomhiomlánach í sin seachas faisnéis shonrach faoi dhaoine aonair agus ar leibhéal a dó bailítear faisnéis phearsanta nó shonrach faoi an gcuairteoir aonair a roghnaigh go feasach an fhaisnéis sin a thabhairt.

Cuireann an fhaisnéis staitistiúil agus anailíseach seo faisnéis ghinearálta ar fáil dúinn, nach faisnéis shonrach i leith daoine aonair, faoin líon daoine a úsáideann an láithreán gréasáin seo; faoin líon daoine a fhilleann ar an láithreán seo, faoi na leathanaigh a úsáideann siad, cá raibh siad roimh theacht go dtí an láithreán seo agus an leathanach agus an láithreán ónar imigh siad as an ngréasán. Cuidíonn an fhaisnéis seo linn monatóireacht a dhéanamh ar úsáideoirí ár láithreáin ghréasáin, sa chaoi gur féidir linn cumas agus éifeacht an láithreáin ghréasáin a bhainistiú. Cuidíonn sé linn freisin teacht ar thuiscint cé na codanna den láithreán gréasáin seo is mó a bhfuil éileamh orthu agus iompar agus sainghnéithe úsáideoirí a mheasúnú i gcoitinne chun an spéis atá i gcodanna éagsúla den láithreán gréasáin agus a n-úsáid a thomhas.

Is féidir faisnéis agus sonraí neamhphearsanta den chineál seo a bhailiú trí oibriú caighdeánach ár bhfreastálaithe agus ár logaí idirlín agus trí "fhianáin" chomh maith. Is téacschomhaid bheaga iad fianáin is féidir leis an láithreán gréasáin a úsáid chun na cuairteoirí a a thiocfaidh ar ais chuig an láithreán gréasáin a aithint d’fhonn rochtain leanúnach ar an láithreán gréasáin agus úsáid an láithreáin ghréasáin a éascú. Cuireann sé ar chumas an láithreáin iompar úsáideoirí a rianú agus sonraí a thiomsú chun fógraíocht níos sprioctha a éascú agus ábhar an láithreáin a fheabhsú. De ghnáth, sanann an fianán uimhir uathúil don chuairteoir. Ba chóir go mbeadh a fhios ag cuairteoirí nach bhfuil smacht ar bith ag An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Cuimsiú Sóisialta ar úsáid fianán nó ar úsáid na faisnéise dá dhroim sin ag aon triú páirtithe eile mar fhógróirí nó pháirtithe a óstálann sonraí le haghaidh An Fhóraim Náisiúnta agus Cuimsiú Shóisialta. Bealach simplí amháin chun úsáid fianán a chosc ná an tsaoráid a chur i ngníomh atá ar fáil ar bhunús na mbrabhsálaithe gréasáin agus a chuireann ar chumas an úsáideora diúltú d'fhianáin nó glacadh leo. Ba chóir go dtuigfeadh an cuairteoir, áfach, gur féidir go mbíonn gá le fianáin chun gnéithe áirithe a chur ar fáil duit amhail faisnéis áirithe a sheachadadh ar chaoi saindírithe.

Beidh deiseanna agat ar fud an láithreáin ghréasáin seo faisnéis a bhaineann leatsa a sheol chugainn trí na leathanaigh “déan teagmháil linn” mar shampla nó pé áit eile ar an láithreán ina bhféadfar ríomhphoist a sheoladh, leabhráin a iarraidh, páirt a ghlacadh i gcomórtais nó freagairt do thionscnaimh díolacháin. Nuair a úsáideann tú na leathanaigh sin tugann tú roinnt faisnéise pearsanta fút dúinn. Úsáideann An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Cuimsiú Sóisialta an fhaisnéis seo ach amháin:

  • chun na críche ar thug tú an fhaisnéis sin ;
  • chun críche fíoraithe agus anailís staitistiúil

Féadfaidh An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta úsáid a bhaint as na sonraí pearsanta a thug tú dúinn chun eolas a thabhairt duit faoi earraí nó sheirbhísí an dóigh linn go mbeidh spéis agat iontu. Más rud é nach mian leat do shonraí pearsanta a úsáid chun na gcríche sin, déan teagmháil linn ag an seoladh seo a leanas, An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta, 16 Sráid Parnell, Baile Átha Cliath 1. Faoi Alt 4 den Acht um Chosaint Sonraí tá ceart rochtana agat ar an taifead a choinnímid maidir le do shonraí. Más rud é gur mian leat teacht an an bhfaisnéis sin cuir iarratas i scríbhinn chugainn ag an seoladh seo a leanas, An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Cuimsiú Sóisialta, 16 Sráid Parnell, Baile Átha 1. Más mian leat an fhaisnéis atá i do thaifead a cheartú, cuir iarratas i scríbhinn chugainn, ina luaíonn tú na ceartúcháin, le do thoil ag an seoladh seo a leanas, An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Cuimsiú Sóisialta, 16 Sráid Parnell, Baile Átha 1.

© An Fóram Náisiúnta agus Sóisialta . Gach ceart ar chosaint .

Eagraíochtaí Comhlachaithe