Séanadh

Úsáideann tú an suíomh idirlín seo faoi réir ár dtéarmaí agus gcoinníollacha mar atá leagtha síos thíos, agus tríd an láithreán gréasáin seo á úsaid agat tá tú ag comhaontú, agus ag síniú do chomhaonaithe, le bheith faoi cheangal na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo. Ní cóir duit an láithreán gréasáin seo a úsáid mura léann tú na téarmaí agus na coinníollacha úsáide nó mura gcloíonn tú leo.
Cóipcheart agus Fógra Atáirgthe agus Ceadúnas Teoranta.

Tá an fhaisnéis, an t-ábhar, na grafaicí, an téacs, na fuaimeanna, na híomhánna, na cnaipí, na trádmharcanna, na marcanna seirbhíse, na hainmneacha trádála agus na lógónna ("na hÁbhair") atá ar fáil sa láithreán gréasáin seo faoi chosaint ag cóipchirt, ceart trádmharc, ceart bunachar sonraí, ceart sui generis agus dlíthe eile na maoine intleachtúla, faoi dhlíthe náisiúnta agus faoi chonarthaí idirnáisiúnta. Deonaítear ceadúnas teoranta ort lena úsáid agat féin amháin go pearsanta ar shlí neamhthráchtála chun tagairt a dhéanamh d'aon leathanach laistigh den láithreán gréasáin seo agus é a leabharmharcáil agus na hábhair atá sa láithreán gréasáin seo a íoslódáil ar ríomhaire pearsanta amháin agus cóip chrua amháin de na hÁbhair atá ar an láithreán gréasáin seo a chló mar thagairt phearsanta duit féin ar choinníoll, áfach, go bhfágfar slán gach fógra cóipchirt, trádmhairc agus gach fógra dílseánach eile. Deonaítear an ceadúnas teoranta seo ar choinníoll go gcomhaontaíonn tú agus go gcloíonn tú le gach ceann de na téarmaí agus coinníollacha úsáide seo. Tá dianchosc ar na hÁbhair ar an láithreán gréasáin seo a úsáid gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón bhFóram Náisiúnta Eacnamíoch agus Sóisialta ar shlí ar bith eile ar a n-áirítear cóipeáil nó atáirgeadh (chun aon chríocha seachas na cinn thuas luite), athrú, dáileadh, athfhoilsiú, asbhaint, athúsáid, ionchorprú, comhtháthú le hábhair nó saothair eile nó athsheachadh ina n-úsáidtear teicneolaíocht frámaíochta agus is sárú é ar chearta dílseánacha an Fhóraim Náisiúnta Eacnamíoch agus Shóisialta.

Ceadaítear úsáideoirí agus láithreáin ghréasáin eile an láithreán seo a sroicheadh le naisc hipirtéacs ar choinníoll gur liosta simplí de chomhlachtaí é an nasc leis an láithreán gréasáin seo a léiríonn leathanach baile an Fhóraim Náisiúnta Eacnamíoch agus Shóisialta. Thug an ceadúnas teoranta seo ceart d’aon láithreán gréasáin eile nó d’aon úsáideoir eile nasc a dhéanamh le leathanach baile An Fhóraim Náisiúnta Eacnamíoch agus Shóisialta ach amháin, agus tá cosc déanta ar nasc a dhéanamh le haon ábhar eile nó le haon fhaisnéis eile gan toiliú i scríbhinn ón bhFóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta.
Fógra faoi Chearta Maoine Intleachtúla

Coimeádann bhFóram Náisiúnta Eacnamíoch agus Sóisialta agus/nó a sholáthraithe (de réir mar a bheidh) gach ceart, teideal, leas agus cearta maoine intleachtúla sna hÁbhair agus ar na hÁbhair. Ní fhorléireofar aon ní sna téarmaí ná sna coinníollacha úsáide seo mar ní a thugann, trí impleacht, trí urbhac nó ar shlí eile, aon cheadúnas nó ceart faoi chóipcheart, phaitinn, thrádmharc, cheart bunachar sonraí, cheart sui generis, nó leas eile maoine intleachtúla nó leas dílseánach de chuid An Fhóraim Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, a cheadúnóirí nó aon tríú páirtí.

Séanadh

I ar do phriacal féin a úsáideann tú an láithreán gréasáin seo. Glacann tú ort féin an fhreagracht ar fad as gach priacal caillteanais a tharlóidh de thoradh ar na hÁbhair, nó aon fhaisnéis eile a gheobhaidh tú úsáide a bhaint as an láithreán gréasáin seo a íoslódáil agus /nó a úsáid nó tagairt a dhéanamh dóibh nó iontaoibh a chur iontu. Comhaontaíonn tú nach mbeidh An Fóram Náisiúnta agus Sóisialta ná na soláthraithe seirbhísí teileachumarsáide agus líonraí faoi dhliteanas i leith damáistí a dhéanfar mar gheall ar d’úsáid as an láithreán gréasáin seo nó gan a bheith in ann é a úsáid agus tarscaoileann tú leis seo aon éilimh agus gach éileamh i leith an méid sin cibé acu conradh, tort nó forais eile is bonn leo.

Tá an láithreán gréasáin seo ar fáil "mar atá" ag gach úsáideoir gan aon uiríll nó barántais d'aon saghas, bíodh siad sáinráiteach nó intuigthe. Ní thugann An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta aon uiríll, bharántais ná ghealltanais go mbeidh an láithreán gréasáin seo ná an freastalaí a chur ar fáil é comhoiriúnach le do threalamh ná go mbeidh sé saor ó fhabht, lena n-áirítear, ach ní teoranta do, víris agus eilimintí díobhálacha eile. Séanann An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta aon dliteanas i leith aon ionfhabhtaithe trí víreas ríomhaire, fríd, méirínteacht, rochtain neamhúdaraithe, idirghabháil, athrú ar úsáid, calaois, goid, cliseadh teicniúil, earráid, mainneachtain, cur isteach, scriosadh, fabht, moill, nó aon teagmhas nó tarlú nach bhfuil neart ag An bhFóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta air a éillíonn riarachán, slándáil, cothroime agus ionracas nó seoladh cuí aon ghné den láithreán gréasáin seo nó do threalamh. Baineann priacail áirithe ó nádúr leis an idirlíon agus an Gréasán Domhanda a úsáid. Ní thugann An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta aon uiríll, bharántais ná ghealltanais i leith:

  • Na hÁbhair a fhaightear ar an láitreán gréasáin seo (lena n-áirítear gan teorainn a gcruinneas, a n-iomláine, nó a sodhíoltacht, a gcáilíocht, nó a n-oiriúnacht le haghaidh críche faoi leith: nó
  • Aon ábhar nó fhaisnéis ar aon láithreán gréasáin eile chuig a gcuirtear tú ón láithreán gréasáin seo le nasc hipirtéacs nó nó óna sroichtear an láithreán seo le nasc hipirtéacs (“láithreán tríú páirtí”). Ní cheadaíonn An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta ná ní fhaomhann sé an t-ábhar atá in aon láithreán tríú páirtí ná ní bheidh An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta faoi aon dliteanas i leith aon láithreáin tríú páirtí (lena n-áirítear, ach nach bhfuil teoranta do dliteanas mar gheall ar shodhíoltacht, cáilíocht nó óiriúnacht na nÁbhar ar aon láithreán nó aon líomhain go sáraíonn ábhar nó faisnéis atá in aon láithreán tríú páirtí aon dlí ná cearta aon duine nó aon aonán). Ní thugtar aon bhreith ná bharántas maidir leis an ábhar atá in aon láithreán tríú páirtí a bheith cruinn, tráthúil nó oiriúnach agus eisiatar aon dliteanas agus gach dliteanas a d'fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar, nó i dtaca le, d’úsáid ar aon láithreán tríú páirtí nó d’iontaobh san ábhar nó san fhaisnéis atá ann nó feidhmíocht láithreáin den saghas sin.
  • Aon ábhar nó faisnéis a fhaightear ar an láithreán gréasáin seo nó tríd, ní cóir iontaoibh a chur ann nó inti le haghaidh cinntí tábhachtacha de shaghas pearsanta, airgeadais nó gnó agus ba chóir duit dul i gcomhairle le gairmeach iomchuí le haghaidh comhairle a oireann do d'imthosca faoi leith. Níl aon rud ar an láithreán gréasáin seo a mheastar gur tairiscint nó cuireadh nó eile é le haghaidh infheistíochta nó scaireanna nó urrús de chuid An Fhóraim Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta nó d’aon dá chuideachta chomhlachaithe. Aithníonn agus tuigeann tú go mbeidh tuairimí ag an bhFóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta ó am go chéile maidir le haon ábhar ná le haon fhaisnéis atá ar an láithreán gréasáin seo nach ionann agus tuairimí a éireoidh as an ábhar agus an fhaisnéis a fhaightear trí úsáid a bhaint as agus rochtain ar an láithreán gréasáin seo agus ní thugann An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta comhairle mar gheall ar nádúr, acmhainneacht, luach nó oiriúnacht maidir le haon sócmhainn nó urrús, punann de shócmhainní nó d’urrúis, idirbhearta, straitéis infheistíochta nó eile agus ní moladh é tagairt do shócmhainn nó urrús áirithe iad a cheannach, a dhíol nó a choinneáil nó aon sócmhainn nó urrús eile. Creidtear gur foinsí iontaofa a sholathraíonn Ábhair agus faisnéis a fhaightear trí mheán an láithreáin ghréasáin seo. Ní ráthaíonnn na foinsí sin, áfach, ná An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta ná aon duine nó aonán eile aon ríomhaireachtaí a dhéanfar ina mbainfear úsáid as na hÁbhair agus an fhaisnéis sin ná tuairimí a nochtar i ndáil leis na hÁbhair sin nó an fhaisnéis sin, agus d'fhéadfadh sé nach mbeidh siad iomlán.  
  • Coimeádann An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta an ceart athrú a dhéanamh dá rogha féin amháin ar ábhar, chur i láthair, fheidhmíocht, shaoráidí úsáideoirí agus aon chuid den láithreán gréasáin seo a chur ar fáil, ar a n-áirítear na téarmaí agus na coinníollacha úsáide seo, agus ba chóir duit féachaint go rialta an bhfuil athrú ar bith ar na téarmaí agus coinníollacha úsáide seo.

Teorainn le Dliteanas

A mhéid is mó a cheadaítear le dlí is infheidhme, ní bheidh An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta ná aon stiúrthóirí, fhostaithe, chomhghleacaithe nó aon ionadaithe eile dá chuid faoi dhliteanas i leith caillteanais nó damáistí mar gheall ar na hÁbhair, agus/nó na hearraí, saoráidí nó na seirbhísí a thairgtear tríd an láithreán gréasáin seo, a bheith i n-úsáid agat nó i dtaca leis an úsáid sin nó ó aon rochtain neamhúdaraithe nó athrú ar an láithreán gréasáin seo nó de bhrí nach dtig leat iad a úsáid nó i dtaca leis sin, earráidí maidir leis an láithreán gréasáin a bheith ar fáil nó aon ionfhabhtaithe trí víreas ríomhaire trí mheán an láithreáin ghréasáin seo áirítear, ach nach bhfuil teoranta do, caillteanais nó an damáistí díreacha, caillteanas nó damáistí neamhdhíreacha nó iarmhartacha, sonraí, ioncam, brábús nó deiseanna a chailliúint, caillteanas maoine nó damáiste di agus éilimh ó thríú páirtithe fiú má tugadh comhairle don Fhóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta gurbh fhéidir go dtarlódh na caillteanais sin nó go ndéanfaí na damáistí sin nó dá bhféadfaí le réasún an caillteanas nó na damáistí sin a thuar.

Rialachas

Is é an Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta, atá lonnaithe in Éirinn, a rialaíonn agus a oibríonn an láithreán gréasáin seo. Ní mhaíonn An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta go bhfuil na hÁbhair agus/nó na saoráidí nó seirbhísí a chuireann an láithreán gréasáin seo ar fáil cuí nó oiriúnach le haghaidh úsáide i dtíortha eile seachas Éire, nó go gcloíonn siad le ceanglais dhlíthúla agus reachtúla na dtíortha sin. Téann tú isteach ar an láithreán gréasáin ar do phriacal féin agus as do stuaim féin agus tá tú freagrach as dlíthe áitiúla a chomhlíonadh, a mhéid atá aon dlíthe áitiúla infheidhme. Os rud é go bhfuil cosc ar an láithreán gréasáin seo, na hÁbhair, agus/nó na saoráidí nó seirbhísí nó cuid díobh a thairgeann an láithreán gréasáin a chur ar fáil i do thír féin nó duit féin (mar gheall ar náisiúntacht, áit chónaithe nó eile), níl an láithreán gréasáin seo, na hÁbhair, agus/nó na saoráidí nó seirbhísí nó cuid díobh a thairgeann an láithreán gréasáin dírithe ort.

Tiocfaidh na téarmaí agus coinníollacha úsáide seo faoi réir dhlíthe na hÉireann agus forléireofar iad de réir na ndlíthe sin agus comhaontaíonn tú leis seo, chun tairbhe An Fhóraim Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta agus gan dochar do cheart An Fhóraim Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta chun imeachtaí a ghlacadh maidir leis na téarmaí agus coinníollacha úsáide seo os comhair aon chúirte eile dlínse inniúla, go mbeidh an t-údarás ag cúirteanna na hÉireann , aon chaingean nó imeachtaí a éisteacht nó a chinneadh a bheidh ann mar gheall ar na téarmaí agus coinníollacha úsáide seo nó i dtaca leo, agus chun na gcríche sin, géilleann tú do dhlínse na gcúirteanna sin, ar shlí nach mbeidh aon dul siar air.

Ilghnéithneach

Ní mór aon tarscaoileadh ar aon fhoráil de na téarmaí agus coinníollacha seo a bheith i scríbhinn agus é sínithe ag an bhFóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta chun bheith bailí. Aon tarscaoileadh ar aon fhoráil faoi seo, ní oibreoidh sé mar tharscaoileadh ar aon fhoráil eile, nó mar tharscaoileadh leanúnach ar an bhforáil chéanna amach anseo. Má chinneann aon chúirt dlínse inniúla go bhfuil aon choinníoll de na téarmaí agus coinníollacha seo ar neamhní nó nach féidir í a fhorfheidhmiú ar chúis ar bith, ansin beidh an fhoráil sin gan éifeacht a mhéid a bheidh cinnte ag an gcúirt gan difear a dhéanamh do bhailíocht agus d'in-fhorfheidhmeacht aon fhorálacha eile. Is ionann na téarmaí agus coinníollacha seo mar aon lenár ráiteas príobháideachta agus an tuiscint agus an comhaontú iomlán idir tú féin agus An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta i ndáil le húsáid an láithreáin ghréasáin seo, agus tá siad á gcur in ionad aon ráiteas, comhthuiscintí nó comhaontuithe nó gach ráitis, comhthuisceana nó comhaontú cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn, agus ní mhodhnófar iad ach amháin i scríbhinn agus é sin sínithe agatsa agus ag An bhFóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta.

© An Fóram Náisiúnta agus Sóisialta . Gach ceart ar cosaint.

Eagraíochtaí Comhlachaithe