Ár gCuid Oibre

Díríonn an Clár Oibre reatha ar na beartais a cuireadh i gcrích go rathúil agus go mírathúil in Éirinn. Le deich mbliana anuas, tá go leor rialtas ag breithniú bealaí éagsúla chun feabhas a chur ar na próisis agus na cleachtais maidir le ceapadh agus cur i bhfeidhm beartas. Tá sé seo ceangailte le nuachóiriú agus athchóiriú na seirbhísí poiblí.

Mar chuid den obair seo, déanfaidh an Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta cás-staidéir áirithe. Is gá na príomhghnéithe maidir le cur i bhfeidhm beartas a dhoiciméadú chomh maith le húsáid a bhaint as modhanna éagsúla nua chun sonraí a bhailiú.

Ag an gCruinniú Iomlánach Tionscnaimh don tréimhse oibre nua, ó 2007 go 2010, chinn an Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta staidéar a dhéanamh ar dtús ar chur i bfheidhm na mbeartas sna príomhréimsí maidir le litearthacht leanaí agus cuimsiú sóisialta agus pacáistí cúraim baile.

Úsáid an roghchlár ar clé chun breis eolais ar thionscadail oibre reatha a fháil, nó eolas ar na tionscadail is déanaí a fheiceáil sa chartlann.

Eagraíochtaí Comhlachaithe