Ráiteas ón Dr Maureen Gaffney, Cathaoirleach an FNES, maidir le díscaoileadh an FNES
D'fhógair Roinn an Taoisigh cinneadh an rialtais obair a bhaineann le comhairle bheartais taobh istigh den NESDO a shruthlíniú trí na trí chomh chomhlacht i gceist a chónascadh. Mar sin, déanfaidh an NESC an NESF agus an NCPP a ionsú. Bhíothas ag súil go fairsing leis an gcinneadh seo i ndiaidh fhoilsiú Thuarascáil an tSainghrúpa ar Uimhreacha Seirbhíse Poiblí agus Cláir Chaiteachais. Faigh tuilleadh eolais
An Fóram um Chuimsiú Sóisialta
Is í príomhaidhm an Fhóraim um Chuimsiú Sóisialta ná seans a thabhairt d'eagraíochtaí agus do dhaoine aonair nach bhfuil páirt dhíreach sa phróiseas comhpháirtíochta sóisialta acu, cabhrú le monatóireacht agus le forbairt a dhéanamh ar an bPGN um Chuimsiú Sóisialta. Tá an NESF freagrach as an bhFóram um Chuimsiú Sóisialta de chuid an PGN a thionól gach bliain ar son an Rialtais.
